Forbhreathnú

Ba cheart go mbeadh gach iarratasóir ar Cheadúnais Tochailte eolach ar sheandálaíocht go ginearálta—agus ar sheandálaíocht na hÉireann go háirithe—agus ní mór go mbeidís in ann tochailt seandálaíochta a dhéanamh.

Glactar leis go ginearálta go mbeidh cáilíocht tríú leibhéal sa tseandálaíocht ag iarratasóirí ionchasacha (nó cáilíocht inar gné shuntasach í an tseandálaíocht), mar aon le taithí phraiticiúil ar thochailt seandálaíochta

Measaimid iarratasóirí ceadúnais céaduaire trí agallamh inniúlachta, dá bhrí sin, ba cheart d’aon duine ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Tochailte den chéad uair teagmháil a dhéanamh linn chun agallamh a eagrú.

Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Agallamh Inniúlachta?

Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Agallamh do Cheadúnas Tochailte. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: nationalmonuments@housing.gov.ie

Scríobh Iarratas ar Agallamh do Cheadúnas Tochailte i líne an ábhair do ríomhphoist.

Tionóltar painéil agallaimh ag eatraimh rialta i rith na bliana, ag brath ar líon na n-iarratas a fhaightear.

An bhfuil aon Díolúintí ón gceanglas a bhaineann leis an Agallamh Inniúlachta?

Féadfaidh seandálaithe ó bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar mian leo tochailtí seandálaíochta a dhéanamh in Éirinn ar bhonn sealadach nó ócáideach iarratas a dhéanamh ar dhíolúine i ndáil leis an gceanglas a bhaineann le hagallamh a dhéanamh.

Ní mór dóibh dearbhú i scríbhinn (nach mór doiciméid tacaíochta shonracha a chur ar fáil leis) a sheoladh ar aghaidh chugainn roimh nó i dteannta lena gcéad iarratas ar cheadúnas. Ní mór an dearbhú sin a athnuachan nó a nuashonrú gach bliain.

Féach ar ár Nóta Eolais mionsonraithe agus ar ár ndoiciméad Nósanna Imeachta chun níos mó eolais a fháil faoin bpróiseas sin.

Scroll to Top