Toiliú maidir le Feiste Braite

Cathain a bhíonn Toiliú Gléis Braite ag teastáil?

Tá Toiliú Gléis Braite éigeantach chun úsáid a bhaint as gléas braite chun cuardach le haghaidh rudaí ársa ag aon suíomh ar an talamh nó faoi uisce, nó chun úsáid a bhaint as gléas braite nó chun é a bheith i do sheilbh ag láithreán nó ag séadchomhartha seandálaíochta atá cosanta faoi dhlí na hÉireann (mura bhfuil na hoibreacha á gcur i gcrích faoi Ordachán ón Aire nó faoi Thoiliú an Aire).

Teastaíonn Toiliú Gléis Braite do shuirbhéanna geoifisiceacha seandálaíochta ag aon suíomh, agus chun gléasanna braite miotail a úsáid.

Tabhair faoi deara: Le haghaidh cineálacha áirithe d’iniúchadh seandálaíochta, b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach toilithe nó ceadúnais tacaíochta eile a fháil ag an am céanna leis an Toiliú Gléis Braite. Mar shampla, teastaíonn Ceadúnas Tochailte chun brathadóir miotail a úsáid chun cuardach le haghaidh déantán mar chuid de thochailt seandálaíochta; teastaíonn Ceadúnas Tumadóireachta ag láithreán faoi uisce.

Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Thoiliú Gléis Braite?

Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Toiliú Gléis Braite. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie

Chomh maith leis sin, molaimid Ráiteas Modha a chur ar fáil le hiarratais ina ndéantar cur síos ar an tslí a n-úsáidfear an gléas braite.

Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas (ar a laghad) le fáil sa Ráiteas Modha:

  • Achoimre ar na hoibreacha atá beartaithe, lena n-áirítear an cuspóir agus sonraí na tréimhse atá i gceist
  • Cur síos ar an láithreán, lena n-áirítear topagrafaíocht agus bail faoi láthair mar aon le haon úsáid/teagmhas ábhartha a bhaineann leis an tréimhse roimhe seo
  • Eolas cúlra ábhartha, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • comhthéacs seandálaíochta agus stairiúil áitiúil an láithreáin
    • cúlra pleanála agus cur síos ar an bhforbairt (más infheidhme)
    • aidhmeanna agus cuspóirí taighde
  • Straitéis an tionscadail, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • méid agus fairsinge limistéar an tsuirbhé
    • modhanna suirbhé agus taifeadta
    • srianta ar mhodhanna seandálaíochta
    • ceanglais agus/nó srianta sláinte agus sábháilteachta
  • · Foireann agus struchtúr an tionscadail
  • Straitéis tuairiscithe, lena n-áirítear dátaí seachadta
  • Mapáil agus léaráidí, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • § léarscáil de shuíomh an láithreáin: Cairt Aimiréalachta nó léarscáil OSi (1:5000) do cheantair thuaithe agus (1:1000) do cheantar uirbeacha (nó leagan coibhéiseach oiriúnach)
    • mapáil stairiúil ábhartha
    • plean an láithreáin (scálaithe) ar a dtaispeántar go soiléir suíomh, fairsinge agus leagan amach na tochailte atá beartaithe
    • plean den fhorbairt atá beartaithe (más infheidhme)

Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?

Scroll to Top