Fógra i dtaca le hAlt 12

Cathain a bhíonn gá le Fógra i dtaca le hAlt 12?

Is Séadchomharthaí Taifeadta iad go leor de na séadchomharthaí seandálaíochta aitheanta in Éirinn, agus ceanglaítear ar aon duine a bhfuil sé beartaithe acu obair a dhéanamh ag nó i ndáil le Séadchomhartha Taifeadta fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire dhá mhí sula gcuirtear tús leis an obair sin. Tugann an Fógra i dtaca le hAlt 12 sin am do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta breithniú a dhéanamh ar an obair atá beartaithe agus ar an tslí is fearr chun an séadchomhartha a chosaint.

Baineann an ceanglas chun fógra a thabhairt le hoibreacha d’aon chineál ag an séadchomhartha nó in aice leis, ní díreach aon chineál oibreacha nó gníomhaíochtaí seandálaíochta. Is í an t-aon eisceacht sa chomhthéacs seo aon chineál oibreacha ag Séadchomharthaí Náisiúnta nó in aice leo. I gcásanna dá leithéid, ní mór Toiliú an Aire a fháil.

Tabhair faoi deara: má tá iarratas ar chead pleanála déanta agat le haghaidh na n-oibreacha beartaithe agus má tá an cead pleanála sin ceadaithe go hiomlán, ansin b’fhéidir nach mbeadh gá le fógra i dtaca le hAlt 12 i ngach cás. Déan teagmháil linn go díreach má theastaíonn comhairle uait faoin gceist seo.

Conas is féidir liom Fógra i dtaca le hAlt 12 a dhéanamh?

Comhlánaigh an Fhoirm – Fógra i dtaca le hAlt 12 le do thoil. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: nationalmonuments@housing.gov.ie

Cinntigh go gcuireann tú na nithe seo a leanas ar fáil le d’iarratas:

  • Léarscáil SO, ag ceann amháin de na scálaí seo a leanas, ar a marcáiltear suíomh an láithreáin:
    • suíomh tuaithe 1:5000/1:10000
    • suíomh uirbeach 1:1000
  • Ainm agus sonraí teagmhála an tseandálaí/an ailtire/an innealtóra atá ag ullmhú na ndoiciméad
  • Litir ón Údarás Áitiúil (má tá fógra á thabhairt thar ceann Údaráis Áitiúil) nó deimhniú i scríbhinn maidir le cead an úinéara
  • Litir ón Údarás Áitiúil (má tá fógra á thabhairt thar ceann Údaráis Áitiúil) nó deimhniú i scríbhinn maidir le cead an úinéara

Ní mór an fógra seo a chomhlánú agus a chur faoi bhráid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta AR A LAGHAD 2 MHÍ sula ndéantar aon obair ar struchtúr nó ar láithreán seandálaíochta/stairiúil atá san áireamh sa Taifead Séadchomharthaí nó i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla.

Nóta Tábhachtach: Níor cheart glacadh leis go bhfuil an fhoirm sin i dtaca le fógra faighte ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta go dtí go bhfaigheann tú deimhniú i scríbhinn á chur sin in iúl duit.

Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?

Scroll to Top