Forbhreathnú

Tá roinnt cineálacha eile ceadúnais nó ceada a d’fhéadfadh a bheith riachtanach nuair a bhíonn gníomhaíochtaí seandálaíochta á gcur i gcrích. Ní chealaíonn Ceadúnas nó Toiliú a bheith faighte ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta do do thionscadal ar leith an ceanglas chun na ceadúnais, na toilithe nó na ceadanna breise seo a fháil (más gá).

Déantáin agus Éiceadhéantáin

Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann taisclann an stáit de rudaí ársa agus de dhéantáin seandálaíochta, cibé acu an fuarthas nó nach bhfuarthas iad i rith oibreacha seandálaíochta ceadaithe nó in aon imthosca eile. Glactar le héiceadhéantáin—lena n-áirítear taismí ársa ainmhithe agus plandaí—mar rudaí ársa freisin. Ní mór na ceadúnais nó na ceadanna seo a leanas a fháil ón Ard-Mhúsaem nuair is gá:

  • Ceadúnas chun Rud Ársa a Athrú—tá sé sin éigeantach d’aon athrú a dhéantar ar rudaí ársa, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) athruithe chun críocha caomhnaithe/cobhsaithe, sainaitheanta, anailíse nó dátaithe.
  • Ceadúnas chun Rud Ársa a Easpórtáil—tá sé sin éigeantach chun aon rud ársa nó déantán seandálaíochta a easpórtáil lasmuigh de theorainneacha dlínsiúla an stáit

Is féidir tuilleadh eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh ar na ceadúnais sin a fháil ó Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cineálacha Ceada Eile

Tá aon duine atá ag tabhairt faoi aon chineál oibreacha nó gníomhaíochtaí seandálaíochta freagrach as a chinntiú go bhfuil gach ceanglas dlí agus rialála eile á gcomhlíonadh acu nuair a bhíonn na hoibreacha sin á ndéanamh, fiú amháin má tá Ceadúnas nó Toiliú faighte acu uainn. I measc na gceadanna breise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach (ag brath ar an gcineál tionscadail) tá:

Scroll to Top