Forbhreathnú

Teastaíonn trí thuarascáil mar choinníoll a bhaineann le haon Cheadúnas Tochailte a eisítear:

  • Réamhthuarascáil—le cur ar fáil laistigh de 4 seachtaine i ndiaidh na n-oibreacha uile ar an láithreán a chríochnú, nó laistigh de 4 seachtaine ó dheireadh an tséasúir tochailte do thionscadail ilbhliantúla
  • Tuarascáil Deiridh—le cur ar fáil laistigh de 12 mhí ó na hoibreacha uile ar an láithreán a chríochnú. Ní mór gurb ionann an Tuarascáil sin agus cuntas iomlán agus deiridh ar na hoibreacha, agus ba cheart an anailís tacaíochta ar fad atá déanta ag speisialtóirí a chur san áireamh. Le haghaidh iniúchtaí móra nó in imthosca áirithe, d’fhéadfaí tréimhse ama níos faide a cheadú; ní mór é sin a chomhaontú linn ar bhonn an cháis.
  • Tuarascáil Achomair—le cur ar fáil do gach bliain féilire ina bhfuil ceadúnas gníomhach; is tuarascáil achomair atá ansin don fheasachán bliantúil Tochailtí.

Tabhair faoi deara: I gcásanna áirithe (mura bhfuil gá le haon anailís iarthochailte eile nó oibreacha speisialaithe eile agus má tá cuntas iomlán sa tuarascáil ar na hoibreacha a rinneadh) is féidir díreach an Tuarascáil Deiridh a chur ar fáil, ar an gcoinníoll go gcuirtear a leithéid de thuarascáil ar fáil laistigh de 4 seachtaine i ndiaidh na n-oibreacha uile ar an láithreán a chríochnú. Teastaíonn Tuarascáil Achomair i gcónaí..

Formáid na Tuarascála

Tá formáid tuairiscithe dhá chuid éigeantach do gach Ceadúnas Tochailte a eisíodh ó Eanáir 2019. Tabhair faoi deara: baineann sé sin le ceadúnais níos sine freisin a athnuadh nó ar cuireadh síneadh leo i ndiaidh an dáta sin.

Ba cheart go mbeadh na codanna struchtúrtha mar seo a leanas:

  • Sa Chéad Chuid, ba cheart go mbeadh eolas seandálaíochta le fáil, agus níor cheart go mbeadh aon sonraí pearsanta ar fáil seachas ainm an cheadúnaí. Chomh fada is a bhaineann leis na tuarascálacha deiridh do thochailtí móra, is féidir an Chéad Chuid a roinnt in imleabhair éagsúla. Ba cheart go mbeadh uimhir an cheadúnais le fáil ar chlúdach gach imleabhair.
  • Tá an Dara Cuid srianta d’eolas eile, cosúil le hainm an chliaint/fhorbróra agus cúlra pleanála agus forbartha (más cuí) na tochailte. Sa dara cuid, ba cheart go mbeadh uimhir an cheadúnais le fáil ar an gclúdach ach go mbeadh ‘X’ iarcheangailte leis.

teimpléad do thuarascáil na Dara Coda, mar aon le nótaí comhairle maidir leis na formáidí tuarascála a eisíodh in 2018 agus in 2020, ar fáil.

Ba cheart an dá chuid de do thuarascáil a chur ar fáil mar imleabhair ar leithligh faoi chlúdach crua agus mar chomhaid dhigiteacha aonair (féach ar an rannóg dar teideal Tuarascáil a Chur Isteach thíos).

Ní ghlacfaidh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta le tuarascálacha tochailte do cheadúnais a eisíodh i ndiaidh Eanáir 2019 nach bhfuil san fhormáid sin.

Ábhar agus Caighdeán

Ní mór go gcuimseofaí sa réamhthuarascáil cuntas tosaigh ar thorthaí na tochailte. Ba cheart go gcuimseofaí ansin cuntas ar an stratagrafaíocht agus ar na gnéithe tochailte; catalóga bunúsacha d’earraí a aimsíodh, de shamplaí, de ghrianghraif, de phleananna agus d’ábhar eile a coimeádadh ón tochailt; mar aon le mapáil le léaráidí oiriúnacha. Chomh maith leis sin, ba cheart straitéis iarthochailte a chur ar fáil ina ndéantar cur síos ar anailísí speisialaithe agus ar thaighde breise a rinneadh chun teacht ar thuiscint níos fearr ar thorthaí na tochailte agus chun an láithreán a lonnú ina chomhthéacs seandálaíochta agus stairiúil.

Ní mór go gcuimseofaí sa tuarascáil deiridh cuntas iomlán ar an stratagrafaíocht, ar na gnéithe agus ar na torthaí, agus ní mór tuarascálacha speisialaithe a chur ar fáil agus léaráidí oiriúnacha. Ní mór léargas a thabhairt ar an láithreán agus ar a áit ina chomhthéacs seandálaíochta agus stairiúil. Chomh maith leis sin, ní mór go gcuimseofaí sa tuarascáil sin cuntas iomlán ar gach déantán, éiceadhéantáin agus taifead cartlainne a bhaineann leis na hoibreacha ar an láithreán agus lasmuigh den láithreán go dtí seo, mar aon le sraith iomlán moltaí chun an t-ábhar a chur ar fáil d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do chartlann seandálaíochta oiriúnach cosúil le Cartlann SSN nó do Chartlann Seandálaíochta Chathair Bhaile Átha Cliath (de réir mar is cuí).

Tá tuilleadh eolais le fáil inár dTreoirlínte d’Údair Tuarascálacha maidir le Tochailt Seandálaíochta.

Coimeádann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta an ceart chun feabhsuithe agus ceartúcháin ar thuarascálacha a lorg a mheastar atá neamhiomlán, mícheart nó nach bhfuil ár dtreoirlínte á gcomhlíonadh acu. Ní ghlacfar leis go bhfuil ceanglais tuairiscithe an cheadúnais comhlíonta go dtí go mbíonn tuarascáil chomhlíontach curtha ar fáil ag an gceadúnaí dúinn atá comhlíontach dar linn.

Réamhthuarascálacha agus Tuarascálacha Deiridh a Chur ar Fáil

I ngach cás, ní mór cóip dhigiteach amháin den Réamhthuarascáil agus den Tuarascáil Deiridh a chur faoi bhráid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Chomh maith leis sin, ní mór cóip amháin faoi chlúdach crua agus cóip dhigiteach amháin de gach tuarascáil a chur faoi bhráid Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Is féidir cóipeanna digiteacha de thuarascálacha a sheoladh trí ríomhphost chuig: licensingsection@housing.gov.ie; cinntigh, le do thoil, go bhfuil uimhir an cheadúnais sonraithe i líne an ábhair do ríomhphoist.

Chomh fada is a bhaineann le tuarascálacha a bhfuil a méideanna comhaid rómhór do ríomhphost, is féidir nasc uaslódála a lorg uainn trí ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh céanna.

Cuirtear gach tuarascáil a bhaineann le Ceadúnais Tochailte a chuirtear faoinár mbráid ar fáil go poiblí in am trátha.

Cartlannú

Nuair a bhíonn gach cineál oibreacha iarthochailte a bhaineann le haon cheadúnas críochnaithe agus nuair a bhíonn an Tuarascáil Deiridh curtha ar fáil agus glactha, ní mór don Cheadúnaí socruithe a dhéanamh chun gach ábhar cartlainne a bhaineann leis an tochailt a chur ar fáil do Chartlann SSN. Ní féidir aon ábhar ó chartlanna an láithreáin a dhiúscairt gan a leithéid a chomhaontú linn.

Ar an gcuma chéanna, ní mór teacht ar chomhaontú le hArd-Mhúsaem na hÉireann maidir le gach déantán agus éiceadhéantán ón tochailt seandálaíochta a thaisceadh.

Scroll to Top