Cathain a bhíonn Ceadúnas Tumadóireachta ag teastáil?
Tá Ceadúnas Tumadóireachta éigeantach nuair a bhíonn tumthaí, suirbhéanna nó gníomhaíochtaí seandálaíochta eile á ndéanamh ag báid bhriste, ag rudaí ársa faoi uisce nó ag aon láithreán oidhreachta cultúrtha cosanta faoi uisce (ach amháin má tá na hoibreacha á gcur i gcrích faoi Ordachán ón Aire nó faoi Thoiliú an Aire).
Teastaíonn Ceadúnas Tumadóireachta do thumthaí áineasa ag suíomhanna cosanta agus do shuirbhéanna agus d’iniúchtaí seandálaíochta faoi uisce.
Tabhair faoi deara: Le haghaidh cineálacha áirithe d’iniúchadh seandálaíochta, b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach toilithe nó ceadúnais tacaíochta eile a fháil ag an am céanna leis an gCeadúnas Tumadóireachta. Mar shampla, teastaíonn Toiliú Gléis Braite chun brathadóir miotail a úsáid chun déantáin a chuardach mar chuid d’iniúchadh; teastaíonn Ceadúnas Tochailte chun tochailt a dhéanamh ag láithreán faoi uisce.
Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Tumadóireachta?
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Ceadúnas Tumadóireachta. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar cheadúnas do thumadh áineasa, ní mór duit litir chumhdaigh a chur ar fáil le d’iarratas. Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas le fáil sa litir chumhdaigh:
- Ainm agus sonraí phríomhiarratasóir an cheadúnais (ainm an duine)
- Suíomh an tumtha atá beartaithe, lena n-áirítear comhordanáidí
- Léarscáil/cairt mhionsonraithe ar a bhfuil suíomh an tumtha agus ainm an bháid bhriste marcáilte go soiléir
- Cuspóir nó aidhmeanna an tumtha
- Liosta pearsanra atá clúdaithe ag an gceadúnas
- Tréimhse ama agus minicíocht an tumtha atá beartaithe
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Cheadúnas Tumadóireachta chun suirbhéanna nó gníomhaíochtaí seandálaíochta a dhéanamh mar chuid de thionscadal tráchtála nó taighde, ní mór duit ansin Ráiteas Modha a chur ar fáil le d’iarratas.
Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas (ar a laghad) le fáil sa Ráiteas Modha:
- Achoimre ar na hoibreacha atá beartaithe, lena n-áirítear an cuspóir agus sonraí na tréimhse atá i gceist
- Cur síos ar an láithreán, lena n-áirítear topagrafaíocht agus bail faoi láthair mar aon le haon úsáid/teagmhas ábhartha a bhaineann leis an tréimhse roimhe seo
- Eolas cúlra ábhartha, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- comhthéacs seandálaíochta agus stairiúil áitiúil an láithreáin
- cúlra pleanála agus cur síos ar an bhforbairt (más infheidhme)
- aidhmeanna agus cuspóirí taighde
- Straitéis an tionscadail, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- méid agus fairsinge limistéar an tsuirbhé
- modhanna suirbhé agus taifeadta
- srianta ar mhodhanna seandálaíochta
- ceanglais agus/nó srianta sláinte agus sábháilteachta
- Cur síos ar an tumadh agus ar a sceideal (más ábhartha)
- Foireann agus struchtúr an tionscadail, lena n-áirítear líon na dtumadóirí/na seandálaithe/na maoirseoirí; bearta cúltaca, tacaíocht lóistíochtúil
- Straitéis tuairiscithe, lena n-áirítear dátaí seachadta
- Mapáil agus léaráidí, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- léarscáil de shuíomh an láithreáin: Cairt Aimiréalachta nó léarscáil OSi (1:5000) do cheantair thuaithe agus (1:1000) do cheantar uirbeacha (nó leagan coibhéiseach oiriúnach)
- mapáil stairiúil ábhartha
- plean an láithreáin (scálaithe) ar a dtaispeántar go soiléir suíomh, fairsinge agus leagan amach na tochailte atá beartaithe
- plean den fhorbairt atá beartaithe (más infheidhme)
Ba cheart iarratais a dhéanamh ar a laghad 3 SEACHTAINE sula gcuirfear tús leis an tumadh, chun am a thabhairt dúinn chun an t-iarratas a mheas agus a phróiseáil.
Tá sraith chaighdeánach coinníollacha tumtha le fáil san fhoirm iarratais ar cheadúnas tumadóireachta, díreach mar eolas. D’fhéadfaí na coinníollacha sin a chuimsiú i gceadúnas, má eisítear a leithéid, nó aon choinníoll nó srian eile a mheastar atá oiriúnach. Tá freagracht dhlíthiúil ar an gceadúnaí as a chinntiú go gcloítear le gach coinníoll den cheadúnas i gceart. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuiltear ag súil go mbeidh an ceadúnaí i láthair nuair a bhíonn tumthaí á ndéanamh.
Sa ghnáthchúrsa, ní eiseofar ceadúnas ach do bhád briste nó do cheantar geografach amháin. Ní mór cás tacaíochta a dhéanamh i ndáil le hiarratais lena ndéantar iarracht roinnt suíomhanna a chlúdach, agus ní mór é sin a leagan amach sa ráiteas modha a ghabhann leo.
Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?
- Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930–2014