Tuairiscigh Fionnachtain Nua

Conas Fionnachtain Séadchomhartha nó Raiceanna a Thuairisciú

Ar dtús, féach ar iarratais an Amharcóra Timpeallachta Stairiúla nó an Amharcóra Raice chun a sheiceáil an bhfuil an séadchomhartha/raic taifeadta cheana féin. Mura bhfuil, priontáil agus comhlánaigh Foirm Thuairiscithe Séadchomharthaí, agus seol ar aghaidh í chuig an seoladh a soláthraíodh.

Conas Fionnachtain Réada Seandálaíochta a Thuairisciú

Faoi dhlí na hÉireann, tá úinéireacht ar aon réad seandálaíochta, atá gan úinéir aitheanta, dílsithe don stát. Ní mór d’aon duine a aimsíonn réad nó déantán seandálaíochta é a thuairisciú — laistigh de 96 uair an chloig — d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do mhúsaem contae nó cathrach ainmnithe sa cheantar.

Chun tuairisc a dhéanamh, déan teagmháil le: An tOifigeach Dualgais, Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2; teileafón +353 (0)1 6777444; de rogha air sin, bain úsáid as foirm Déan Teagmháil Linn Ard-Mhúsaem na hÉireann ar a láithreán gréasáin.

Tá aon duine a fhaightear ciontach i gcion a bhaineann le fionnachtain réada seandálaíochta a thuairisciú, faoi réir fíneála suas le €111,100 agus/nó príosúnacht 5 bliana.

Scroll to Top