Gníomhú ar son na hAeráide

Is bagairt shuntasach iad teagmhais adhaimsire agus dálaí aeráide athraitheacha i leith oidhreacht thógtha agus seandálaíochta na hÉireann. Mar chuid den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe (cur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí i dtaca leis an oiriúnú don athrú aeráide in Éirinn), foilsíodh Plean Oiriúnaithe Earnála maidir le hOidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta in 2019. Leis sin, soláthraítear an creat polasaí le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe ar fud réimse comhpháirtithe oidhreachta agus comhpháirtithe de chineál eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Leagtar spriocanna agus cuspóirí oiriúnaithe amach sa phlean earnála sin maidir le hoidhreacht thógtha agus seandálaíochta na hÉireann agus déantar iad a mhapáil ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le cur chun feidhme.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin athrú aeráide agus oidhreacht, chomh maith leis na nuashonruithe is déanaí ar chur chun feidhme an Phlean Oiriúnaithe Earnála maidir le hOidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta, tabhair cuairt ar an leathanach seo ar shuíomh gréasáin an rialtais.

Scroll to Top