Imirce – 6ú Comhdháil Bhliantúil Seandálaíochta ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag na hOibreacha Priontála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Imirce, téama foriomlán an chláir seo—lena mbreathnaítear ar an bhfianaise ar theacht go hÉirinn, in éineacht le samplaí d’Éireannaigh ag teacht isteach in áiteanna eile, mar mhodh chun an iliomad féiniúlachtaí a chuir le sochaí na hÉireann le himeacht ama—agus a leanann de bheith ag cur léi—a fhiosrú agus a nochtadh. Áirítear air sin idir líon na fianaise ADN (DNA) ársa atá ag dul i méid agus atá ag tosú freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna leanúnacha faoi dhaonraí na hÉireann agus oidhreacht na gcineálacha déantán nua nó déantán a tugadh isteach, adhlactha nó lonnaíochta lena dtugtar roinnt léargas dúinn ar shaol na ndaoine sin. Chomh maith céanna, tá ról tábhachtach ag an bhfianaise sin chun insint dúinn faoi cheangail na hÉireann leis an domhan mór.
Imirce – Imirce agus Éire le himeacht ama – An tAire Malcom Noonan TD – Aitheasc Tosaigh
Teagmhálacha, scéalta agus ceangail: fiagaí cnuasaitheoir in Éirinn– An tOllamh Graeme Warren
Lonnaíocht tuathánach Sasanach in Éirinn i ré na nAngla-Normannach – An Dr Kieran O’Conor
Robálaithe, trádálaithe agus lonnaitheoirí ag deireadh ré na hIarannaoise agus ag tús na meánaoise – Jacqueline Cahill Wilson
Atlas ADN na hÉireann: mapa de ghéinitic na hÉireann laistigh agus lasmuigh d’Éirinn a sholáthar – An Dr Edmund Gilbert
Iarsmaí seandálaíochta de phlandálacha caife maidir le himirce as Éirinn go Cúba – Giselle González García
Faoi spéir theas: lonnaíocht Éireannach in Baker’s Flat san Astráil Theas choilíneach-An Dr Susan Arthure
Béibeac: cillín coimhthíoch i nGleann na Bóinne – An Dr Geraldine Stout
Struchtúir thábhachtacha — foirgnimh phobail imirceach stairiúla Bhaile Átha Cliath – Paul Duffy