Taispeántas Grianghraf Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ag Caisleán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2023. ‘Éire na Séadchomharthaí’ – taispeántas grianghraf nua a léiríonn áilleacht stair ársa na hÉireann.
Tá an taispeántas á choimeád ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Agus é ag tairiscint dearcthaí úra nua ar shéadchomharthaí ársa na hÉireann, léiríonn an taispeántas athléimneacht na séadchomharthaí sin agus a leochaileacht. Cuireann an taispeántas radharc inrochtana agus iontach ar fáil in aon spás amháin ar réimse séadchomharthaí lena n-insítear scéal na hÉireann. Tá na grianghraif ó Aonad Grianghrafadóireachta Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, a bunaíodh ar dtús in 1955. Tá an t-aonad tar éis cur leis an mbailiúchán grianghraf thar na blianta agus tá an chartlann sin ag druidim le 550,000 íomhá anois, séadchomharthaí náisiúnta agus réadmhaoine stairiúla atá faoi chúram an Stáit den chuid is mó.
Is é príomhfheidhm an Aonaid Ghrianghrafadóireachta ná oibreacha caomhnaithe a thaifeadadh ag séadchomharthaí náisiúnta agus a bhailiúchán grianghraf de láithreáin agus de shéadchomharthaí a choinneáil, a riocht agus a n-oibreacha caomhnaithe a thaifeadadh. Beidh íomhánna roghnaithe ón gcartlann ghrianghrafadóireachta sin ar taispeáint don phobal ag Éire na Séadchomharthaí, rud a ligfidh don phobal na séadchomharthaí agus obair an Aonaid Ghrianghrafadóireachta a fheiceáil agus a léirthuiscint agus iad ag catalógú na hoidhreachta sin. Áirítear leis an taispeántas íomhánna iontacha nua d’fheiniméan Ghrianstad an Gheimhridh a bhfuil cáil dhomhanda air ag tuama pasáiste Shí an Bhrú. Mar chuid de thionscadal taighde dhá bhliain idir SSN agus OOP, léiríodh le híomhánna a gabhadh ó cheamara ardtaifigh laistigh den seomra adhlactha agus a rialaíodh trí nasc idirlín, na gathanna gréine le breacadh an lae agus iad ag soilsiú an tseomra ar bhealach nár gabhadh riamh roimhe sin, rud a lig do gach duine an feiniméan sin a fheiceáil.
Tá níos mó ná 145,000 séadchomhartha seandálaíochta a bhfuil eolas orthu ar fud na hÉireann, arb ionann iad agus lonnaíocht dhaonna a bhí ann ar feadh níos mó ná 12,000 bliain. Tá an oidhreacht seandálaíochta sin lárnach le haghaidh ómós áite do phobail ar fud na tíre, fianaise ar leanúnachas agus athrú ar fud ár dtírdhreach agus ár mbailte. Agus áiteanna cúlráideacha agus áiteanna le haghaidh machnamh ciúin agus oideachais á dtairiscint acu, spreagann na séadchomharthaí ceisteanna freisin faoi stair a bhí idir dhá chomhairle go minic de bharr a castachta maidir le treibheachas ársa, concas agus neamhspleáchas. Le 150 bliain anuas, tá tuairim is míle de na séadchomharthaí sin tagtha faoi chúram an Stáit agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta freagrach astu. Ligeann an bailiúchán sin ó Chartlann Ghrianghrafadóireachta SSN tuiscint a fháil ar an obair a rinneadh chun na séadchomharthaí a chaomhnú agus a chothabháil.
Léirítear leis na híomhánna an luach a bhaineann le teicnící grianghrafadóireachta nua-aimseartha a úsáid chun taifid ar an am atá thart a chaomhnú. Tá ardteicneolaíocht ghrianghrafadóireachta á húsáid níos mó agus níos mó chun na séadchomharthaí sin agus an obair chaomhnaithe a ndéantar orthu a thuiscint agus a thaifeadadh ar bhealach níos fearr. Baintear úsáid as ceamaraí Ardtaifigh i bhFormáid Mheánach chun dian-mhionsonraí ar shéadchomharthaí ar fud na tíre a ghabháil, le teicneolaíocht ceamara infridheirg a chuireann beocht sna mionsonraí sin, lena n-áirítear ealaín charraige réamhstairiúil agus graifítí loinge. Tá teicneolaíocht drón ina cuid lárnach den chóras suirbhéireachta agus monatóireachta anois freisin, rud a tháirgeann samhlacha fótagraiméadrachta le haghaidh taighde caomhnaithe leanúnach. Leis na hamhairc sin ón aer ar shéadchomharthaí aitheanta laistigh dá dtírdhreacha, tugtar na séadchomharthaí sin chun solais ar bhealach nach raibh léirthuiscint orthu roimhe seo.