Tagann an clár INSTAR+ i gomharba ar Chlár Náisiúnta um Thaighde Straitéiseach Seandálaíochta na hÉireann (INSTAR), a bhí ar bun ó 2008 go 2014 agus lenar tugadh roinnt príomhthionscadal comhoibríoch i réimsí amhail talmhaíocht Neoiliteach, taisí daonna ársa agus lonnaíochtaí luath-mheánaoise.
Is é cuspóir chlár taighde seandálaíochta INSTAR+, arna maoiniú ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, barr cumais taifead seandálaíochta na hÉireann a bhaint amach, agus athrú ó bhonn a dhéanamh ar ár dtuiscint ar an gcaoi a bhfuil sochaí na hÉireann tagtha chun cinn. Aidhm amháin le INSTAR+ is ea a chinntiú, maidir leis an obair seandálaíochta ar fad a dhéantar i gcomhthéacs tochailtí atá treoraithe ag an bhforbairt, go n-aistrítear í go heolas ar stair na hÉireann. Soláthrófar foilseacháin agus aschuir thaighde le INSTAR+ lena dtabharfar faisnéis le chéile thar réigiúin agus tréimhsí, agus lena gcuirfear insint suas chun dáta ar fáil faoinár stair.
Beidh INSTAR+ á reáchtáil ag Taighde Éireann (an Chomhairle um Thaighde in Éirinn roimhe seo) mar chuid den Chlár COALESCE (Comhaontais Chomhoibríocha le haghaidh Dúshláin Shochaíocha). Maoineoidh sé tionscadail chomhoibríocha a mhairfidh 24 mhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí eolais is tábhachtaí i seandálaíocht na hÉireann, acmhainneacht taighde a fhorbairt, agus cabhróidh sé le dul i ngleic le ceist na dtochailtí seandálaíochta neamhfhoilsithe. Beidh comhoibriú agus athléimneacht níos fearr ar fud na hearnála mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo faoi Instar+ idir seandálaithe tráchtála, acadúla agus stáit agus pobail áitiúla.
Dírítear ar roinnt téama le INSTAR+:
- Féiniúlacht chultúrtha, críocha agus teorainneacha
- Acmhainní, teicneolaíocht agus ceardaíocht
- Malartú agus trádáil
- Creideamh agus deasghnátha
- Timpeallacht agus Athrú Aeráide
- Tírdhreacha agus lonnaíocht
- Seandálaíocht agus an tsochaí ár linne.
Go dtí seo, maoiníodh deich dtionscadal comhoibríoch INSTAR+ a mhairfidh 24 mhí, agus táimid ag leanúint ar aghaidh ag obair le Taighde Éireann ar ghlaonna ar mhaoiniú atá le teacht.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim chomhpháirtíochta seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle um Thaighde in Éirinn: https://research.ie/partnerships/national-monuments-service-of-the-department-of-housing-local-government-and-heritage-in-partnership-with-the-heritage-council/
Is féidir sonraí na dtionscadal a maoiníodh faoi chlár bunaidh INSTAR a fháil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta: https://www.heritagecouncil.ie/content/files/INSTAR_reasearch_programme_2_year_review.pdf