Is eaglais luath Éireannach é Mainistir Bhuithe atá tiomnaithe do Naomh Buithe a fuair bás timpeall ar an mbliain 520 agus a raibh dlúthbhaint aige le duine de na naoimh is mó in Éirinn, Colmcille.
Insíonn scéal amháin faoi Bhuithe gur thug sé beatha ar ais d’fhear a bhain ard-rí na hÉireann a chloigeann de. Chaith an fear ámharach na laethanta a bhí fágtha aige ag tabhairt aire do ghairdín na mainistreach i Mainistir Bhuithe.
Rud atá íorónta ná gurb é cloigeann Bhuithe féin an t-iarsma is mó a bhí ag an mainistir, go dtí gur goideadh as an eaglais é sa bhliain 1520, míle bliain i ndiaidh a bháis.
Le linn na tréimhse luath-mheánaoise bhí Mainistir Bhuithe ina lárionad d’fhoghlaim agus litríocht na luath-Chríostaíochta, mar a léirítear i dtuairisc bháis duine dá chléireach Flann Mainistreach a fuair bás sa bhliain 1056. Cuireadh síos air sna hannála mar léachtóir Mhainistir Bhuithe agus mar mháistir ar ‘eagna, litríocht, stair, filíocht agus eolaíocht’.
Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1097, dódh cloigtheach Mhainistir Bhuithe, agus scriosadh leabhair agus seoda na mainistreach dá bharr. Is féidir gur túr adhmaid a bhí sa cloigtheach seo agus gur tógadh an túr cloiche atá ann inniu go luath ina dhiaidh sin.
Seasann an cloigtheach sé stór seo ag 28.5m ar airde agus caithfidh go raibh sé níos airde fós ag an tús mar go bhfuil cuid mhór den urlár uachtarach agus an díon in easnamh.
In aice le bun an túir tá ceann de dhá chros shéadchomharthaí cloiche. Tugtar go cuí, an Ardchros uirthi, tá sí 7m ar airde agus is í an chros is airde in Éirinn í. Tá sí tógtha as ceithre chloch a chuimsíonn an bonn, an crann, an chroscheann agus an leac mhullaigh.
Ar an taobh thoir den chros tá snoíodóireacht a thaispeánann go leor radharcanna agus figiúirí ón Sean-Tiomna, agus tá an aghaidh thiar dírithe ar na himeachtaí a bhain le céasadh Chríost.
Seasann an dara cros ag Mainistir Bhuithe timpeall 5m ar airde, agus cé go mb’fhéidir nach bhfuil sí chomh mór leis an Ardchros, d’fhéadfaí a rá gurb í an sampla is fearr d’ardchros sa tír.
Tá inscríbhinn i nGaeilge ag bun an chrainn ag comóradh Muiredach, ab Mhainistir Bhuithe, a fuair bás sa bhliain 924, agus tugtar Cros Mhuiredach ar an gcros inniu.
Tá radharcanna éagsúla ón mBíobla ar aghaidh thoir na croise, agus ar cheann na croise tá léiriú iontach ar an mBreithiúnas Deiridh agus Naomh Mícheál ag meá na n-anamacha. Ar an taobh clé de Chríost tá anamacha na ndaoine a slánaíodh a bhfuil áit tuillte acu ar neamh, agus ar a thaobh deas glacann diabhal féasógach ag a bhfuil trírinn na droch-anamacha uaidh.
Ar aghaidh thiar cheann na croise tá an céasadh, agus ag bun an chrainn tá an radharc ina raibh saighdiúir Rómhánacha ag magadh faoi Chríost, cé go raibh na fir a raibh croiméal orthu agus claíomh á n-iompar acu spreagtha ag laochra Éireannacha nó Lochlannacha.
Bhí acmhainn grinn ag an dealbhóir a shnoigh an chros seo. Ag bun an chrainn ar an aghaidh thuaidh tá beirt fhear le gruaig fhada ag tarraingt féasóg a chéile, agus ar an aghaidh thiar tá dhá chat – ceann acu ag lí a phuisín, agus an cat eile ar tí éan a ithe.
Tá na crosa arda ag Mainistir Bhuithe ina n-íocón den luath-Chríostaíocht in Éirinn. Go deimhin, is cuid iad de shraith crosanna dealbhaithe cloiche ar fud na tíre a sheasann amach mar chuid de na snoiteáin is fearr in aon áit san Eoraip le linn an 9ú agus an 10ú haois.