Déanann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta na feidhmeanna gnó seo a leanas maidir le hOidhreacht Dhomhanda:
- Feidhmíonn sí mar phointe fócasach do chur i bhfeidhm foriomlán Choinbhinsiún Oidhreachta Domhanda UNESCO 1972 in Éirinn;
- Comhordaíonn sí cur i bhfeidhm na Straitéise Oidhreachta Domhanda;
- Soláthraíonn sí treoir, comhairle agus tacaíocht maidir le bainistíocht éifeachtach ar Mhaoin Oidhreachta Domhanda na hÉireann agus ainmniú Láithreáin atá ar an Liosta Sealadach;
- Ullmhaíonn agus coimeádann sí Liosta Sealadach na hÉireann de Mhaoin Oidhreachta Domhanda;
- Comhordaíonn sí baint agus rannpháirtíocht an rialtais i gcúrsaí Oidhreachta Domhanda;
- Treoraíonn sí dréachtú agus cur i bhfeidhm pleananna bainistíochta do Mhaoin Oidhreachta Domhanda atá faoi úinéireacht an stáit nó ina bhfuil an stát ina phríomh-pháirtí leasmhar, i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus príomhpháirtithe leasmhara eile.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gcuid oibre ar Oidhreacht Dhomhanda, féach ar ár suíomh World Heritage Ireland tiomnaithe