Oidhreacht Dhomhanda

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún EOECNA (Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe) maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda in 1991 agus cuireadh dhá Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda na hÉireann ar an Liosta Oidhreachta Domhanda in 1993 (Brú na Bóinne) agus 1996 (Sceilg Mhichíl). Is conradh idirnáisiúnta idir Stáit is Páirtithe é an Coinbhinsiún. Iarrtar próisis, tionscnaimh, maoirseacht agus bainistíocht stáit i dtaca le hOidhreacht Dhomhanda leis, a bhfuil tacaíocht, ról agus rannpháirtíocht phoiblí agus phobail ina dtaca acu. Mar shínitheoir leis an gCoinbhinsiún, tá dualgas ar Éirinn Sárluachanna Uilíocha na Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda atá aici anois agus amach anseo a chaomhnú, a chur i láthair agus a tharchur chuig na glúnta atá le teacht.

Ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta tá straitéis forbartha againn lena soláthraítear an creat uileghabhálach maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme sna deich mbliana amach romhainn. Is í an fhís chun Oidhreacht Dhomhanda a chothú in Éirinn ná cosaint agus bainistiú eiseamláireach ar Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda, pobail agus páirtithe leasmhara áitiúla atá cumhachtaithe, feasacht agus tuiscint fheabhsaithe ar Oidhreacht Dhomhanda go ginearálta agus inscríbhinn réadmhaoine Éireannacha breise ar an Liosta Oidhreachta Domhanda.

D’fhéadfaí go mbeadh buntáistí náisiúnta agus áitiúla araon ag baint le cosaint agus bainistiú éifeachtach ar Réadmhaoin Oidhreachta Domhanda. Ar leibhéal náisiúnta, feabhsaítear próifíl agus tionchar idirnáisiúnta na hÉireann le hOidhreacht Dhomhanda i bhfoirm ‘suíomhanna oidhreachta’ atá suntasach ar bhonn straitéise agus domhanda. Ar leibhéal áitiúil, is féidir le Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda ioncam feabhsaithe a ghiniúint do gheilleagair thurasóireachta áitiúla, mórtas áite a spreagadh agus fócas uathúil féiniúlachta a chur ar fáil do phobail áitiúla. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda na hÉireann, Suíomhanna Liostaithe Trialacha agus ár straitéis Oidhreachta Domhanda ag Oidhreacht Dhomhanda na hÉireann.

Scroll to Top