Tosach Feidhme Forálacha Áirithe d’Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023
Tá tús curtha anois le forálacha nua a bhaineann le hoidhreacht taobh istigh d’Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023. Tagann na forálacha nua-fhorghníomhaithe seo faoi shainchúram an Aire Stáit le Freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD.
Tháinig an tOrdú Tosach Feidhme i bhfeidhm ar an 31 Bealtaine 2024, agus baineann sé le Maoin Oidhreachta Domhanda sa Stát, le fardail, le cosaint ar thaifead áirithe, le cur chun cinn na hoidhreachta, agus le heisiúint treoraíochta reachtúla. Ina theannta sin, tosaíodh forálacha gaolmhara agus tacaíochta áirithe maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú.
Is féidir eolas faoi na forálacha sonracha atá i bhfeidhm anois a fháil trí na naisc thíos a úsáid:
- An tOrdú faoi Acht na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023 (Tosach Feidhme) 2024 (IR Uimh. 252 de 2024)
- Cumhachtaí nua chun oidhreacht luachmhar stairiúil agus seandálaíochta na hÉireann a chosaint
Tabhair faoi deara gur mar eolas amháin a chuirtear an méid thuas ar fáil agus nach léirmhíniú dlíthiúil é.