Oidhreacht Chultúrtha faoi Uisce

Is iad Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2014 na príomhphíosaí reachtaíochta a thugann cosaint d’oidhreacht na hÉireann, le hAcht Leasaithe 1987 ag tabhairt isteach cosaint don oidhreacht chultúrtha faoi uisce (OCU). Cuirfidh an tAcht nua um Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 le cosaint na seandálaíochta faoi uisce in Éirinn. Agus an reachtaíocht a bhaineann le OCU á cur i bhfeidhm, tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) treoraithe go cuí ag beartais, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha amach sa Chreat agus Prionsabail chun an Oidhreacht Seandálaíochta a Chosaint.

Chun an chosaint is fearr is féidir a chinntiú don oidhreacht shaibhir faoi uisce seo, tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag forbairt Straitéis Náisiúnta chun Oidhreacht Chultúrtha na hÉireann Faoi Uisce a Bhainistiú agus a Chosaint. Creat cuimsitheach a bheidh anseo a thairgfidh cur chuige leathan, físiúil i leith ár n-oidhreacht faoi uisce thar na 10 mbliana atá romhainn, arna mhúnlú ag comhairliúchán fairsing le raon éagsúil páirtithe leasmhara, lena n-áirítear rialtas, institiúidí oideachais, gairmithe, agus pobail áitiúla.

Is uirlisí riachtanacha freisin iad bunachar sonraí Fhardal Raice na hÉireann agus an tAmharcóir Raice atá ar fáil don phobal ar líne, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais bhainistíochta níos leithne chun OCU a chosaint. Cuireann an Fardal faisnéis ar fáil ní hamháin ar fhionnachtana nua agus monatóireacht ar shuíomhanna aitheanta ach freisin ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh tionchar teagmhasach a bheith acu ar OCU, amhail tionchair na forbartha, etc.

Áirítear leis an Acht um Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 forálacha a cheadóidh d’Éirinn, nuair a achtófar é, Coinbhinsiún 2001 EOECNA maidir le Cosaint na hOidhreachta Cultúrtha Faoi Uisce a dhaingniú. Cé go bhfuil cosaint OCU laistigh dá dhlínse i bhfeidhm ó 1987, tá sé soiléirithe sa reachtaíocht mhuirí le déanaí go bhfuil an dlínse seo ag síneadh anois go dtí 24 mhuirmhíle ón mbunlíne. Cuirfidh daingniú Choinbhinsiún 2001 ar chumas d’Éirinn, trí chreat comhoibríoch idirnáisiúnta, OCU a chosaint thar an teorainn 24 mhuirmhíle.

Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce

Féadfaidh an tAire Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce a eisiúint freisin má mheastar go bhfuil luach suntasach stairiúil, seandálaíochta nó ealaíne ag baint le raic, láithreán nó réad a bhfuil cosaint dá leithéid de dhíth air.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gcuid oibre ar Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce, seol ríomhphost chuig UCH@housing.gov.ie

Scroll to Top