Rianta: Seandálaíocht na Rudaí Beaga
7ú COMHDHÁIL SEANDÁLAÍOCHTA BHLIANTÚIL SHEIRBHÍS NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA
Foghlaimíonn seandálaithe go leor ó rudaí beaga—le gráinní pailine beaga bídeacha nó le déantáin bheaga choitianta, insítear scéalta faoi thírdhreach ina raibh cónaí ar dhaoine; léirítear le mionsonraí caolchúiseacha na miotalóireachta agus na lámhscríbhinní meánaoiseacha saothar ceardaithe oilte agus is féidir le céadfaí fuaime, blais agus bolaidh roinnt iontas a nochtadh.
Cuireann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an chomhdháil sin i láthair i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí agus tá sí eagraithe ag Wordwell | Seandálaíocht Éireann.
Malcolm Noonan TD an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin
Nóiméid chaomhnaithe d’am trámach: seandálaíocht na rudaí beaga ar shuíomhanna coinbhleachta in Éirinn
An Dr Damian Sheils
An oidhreacht a ionanálú? Ar (ath)chruthú agus éifeachtaí an bholaidh de Chath Waterloo
An Dr Caro Verbeek
Rianta ceilte: an scéal ar fad a chur le chéile ón talamh (faoin) suas
An Dr Susan Curran
scéal an chine dhaonna a chur i gcomhthéacs trí anailís a dhéanamh ar phailin
An Dr Gill Plunkett
Léargas ar sheandálaíocht cheoil dheisceart na hAfraice
An Dr Joshua Kumbani
Gráinne blastáin Thúdaraigh: an béile ón am a caitheadh a thabhairt ar ais
Brigitte Webster
Speictreascópacht agus lámhscríbhinn na hÉireann
An tOll.Pádraig Ó Macháin
Tiny tell-tale details on Insular metalwork
An Dr Niamh Whitfield