Caisleán Chairlinn, Contae Lú

Caomhnaíonn bá ghleoite agus fhoscúil Loch Cairlinn an focal Lochlannach fjord chun cur síos a dhéanamh ar ghóilín farraige.

Cé go dtugann an t-ainm le fios go raibh na Lochlannaigh anseo, bhí an ceantar ina chuid de shean-ríocht Éireannach Airgialla, a bhronn Seán, Tiarna na hÉireann ag an am sin, ar Bertram de Verdun mar chuid den choncas Angla-Normannach.

Go gairid i ndiaidh bhás Bertram sa bhliain 1192, phós a iníon Lescelina Hugh de Lacy, deartháir níos óige le Walter de Lacy, Tiarna cumhachtach na Mí. Chuir Hugh suim anois i dtiarnas a bhunú dó féin i gCúige Uladh agus bhí Cairlinn lonnaithe i suíomh ónar thiocfadh leis bogadh ó thuaidh ar bhonn straitéiseach.

I ndeireadh na dála, ba é a chuid uaillmhianta a chuir i gcoimhlint é le Seán, a tháinig go hÉirinn sa bhliain 1210 chun béasa a chur ar Hugh.

Agus é ar an mbealach go bunáit Hugh de Lacy i gCarraig Fhearghais ar Loch Bhéal Feirste, thug an Rí Seán cuairt ar Chairlinn.

Ón gcuairt ríoga seo i 1210, tugadh Caisleán Rí Sheáin ar an gcaisleán anseo, mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid den chaisleán níos sine agus caithfidh gurbh é Hugh de Lacy féin a thóg é.

Tá an mhéid a spreag Hugh de Lacy chun an láthair seo a roghnú chun caisleán a thógáil thart ar an mbliain 1200 soiléir go fóill inniu. Bhí an lomán carraige an-oiriúnach le bheith ina suíomh cosanta, agus bhí sé ag breathnú amach ar bhá fhoscúil a bhí idéalach chun longa a thabhairt i dtír.

Is cosúil gur imbhalla ciorclach a bhí sa chaisleán bunaidh a thóg de Lacy, ag timpeallú mhullach an lomáin charraige. Ar an taobh thiar, tá an limistéar ag a bhfuil cruth D aige ina chuid den chéad chaisleán seo.

Timpeall an imbhalla tá sraith de lúba saigheada tumtha a bhaineann leas iomlán as airde an chaisleáin os cionn a thimpeallachta.

Tá ceann de na túir starracha a thug clúdach cliathánach do na himbhallaí fós ann, ach is beag atá fágtha den teach geata ollmhór a bhí ar an taobh thiar den chaisleán.

Is dócha gur foirgnimh adhmaid a bhí sna foirgnimh chónaithe is luaithe laistigh den imbhalla. Baineadh iad seo go déanach sa 13ú haois chun áit a dhéanamh do halla ollmhór cloiche atá anois in oirthear an chaisleáin, ag breathnú amach ar an gcuan thíos.

Níorbh fhada gur mheall láithreacht a leithéid de chaisleán láidir agus dea-chosanta daoine chun lonnú ann, rud a d’fhás go tapa ina bhaile beag.

Thug rochtain ar an bhfarraige deis do mhuintir an bhaile fíon agus salann a iompórtáil ó Shasana agus ón bhFrainc. D’fhéadfaí iasc a rugadh orthu go háitiúil a easpórtáil, agus mar sin freisin adhmad ó na coillte in aice láimhe chomh maith le seithí ó eallach ar féarach ar an sliabh in aice láimhe.

Ag síneadh ó dheas ón gcaisleán tá patrún líneach sráide le limistéar margaidh lárnach. Tá go leor iarsmaí d’fhoirgnimh mheánaoiseacha ar fud an bhaile.

Is teach cathrach ar a dtugtar an Miontas, ceann de na cinn is fearr a ndearnadh caomhnú orthu. Sa bhliain 1467, deonaíodh ceadúnas ríoga do Chairlinn chun boinn a mhionú, cé gur dócha gur áit chónaithe phríobháideach a bhí san fhoirgneamh féin. Caithfidh gur ceannaí saibhir é an duine a bhí ina chónaí sa teach nuair a amharcann tú ar na snoiteáin ilchasta ar na fuinneoga.

Tá iarsmaí an gheata theas in aice láimhe. Tugtar an Tholsel air go háitiúil, bhí sé seo ar cheann de cheithre gheata a rialaigh cé a tháinig isteach agus amach as an mbaile meánaoiseach.

Tá suíomh an tséipéil is sine i gCairlinn sa cheantar seo freisin. Is eaglais de chuid Eaglais na hÉireann an foirgneamh atá ann inniu agus atá in úsáid anois mar Ionad Oidhreachta. Tógadh sa bhliain 1821 é, agus tá cuid de shéipéal paróiste meánaoiseach an bhaile mar chuid de.

I ndeisceart an bhaile, díreach taobh amuigh d’iar-bhallaí an bhaile, tá iarsmaí de mhainistir Dhoiminiceach a bhunaigh Risteard de Burgh, iarla Uladh, timpeall na bliana 1305, de réir dealraimh.

Inniu, tá Cairlinn ar cheann de na samplaí is fearr de bhaile meánaoiseach atá fós ann in aon áit in Éirinn.

Is Séadchomhartha Náisiúnta faoi Chúram an Stáit é Caisleán Chairlinn agus tá sé á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Scroll to Top