Rochtain ar Bhailiúcháin agus iad a chur i dTaisce

Bailiúchán Shuirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann

Bailíonn Suirbhéireacht Seandálaíochta na hÉireann (SSÉ) liosta de shéadchomharthaí seandálaíochta sa stát. Stóráiltear an fhaisnéis a bhailítear ar bhunachar sonraí agus i sraith comhad páipéir atá á mbainistiú ag Cartlann Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.

Eisíodh an fhaisnéis atá i gcartlann SSÉ ar bhonn contae ar chontae ar dtús idir 1984 agus 1992 agus tugadh Taifid Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS) air. Bhí an TLS, arna athbhreithniú i bhfianaise tuilleadh taighde agus oibre allamuigh, ina bhunús ansin don Taifead reachtúil Séadchomharthaí agus Áiteanna (a bunaíodh faoi Alt 12 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) (1994)). Bhí an fhaisnéis sna Taifid Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) cosúil ó thaobh formáide de leis an TLS, agus eisíodh arís í do gach contae sa stát, idir 1995 agus 1998. Tá taifid sa bhunachar sonraí agus sa chartlann ar na séadchomharthaí go léir atá ar eolas nó a d’fhéadfadh a bheith ann roimh 1700 AD ar tarraingíodh aird SSÉ orthu agus áirítear leo freisin rogha séadchomharthaí ón tréimhse 1700 iar-AD. Tá os cionn 160,000 taifead sa bhunachar sonraí agus baineann breis is 150,000 díobh sin le séadchomharthaí seandálaíochta.

Tá sé tábhachtach go gcuimhneodh taighdeoirí, cé go soláthraítear san Amharcóir Timpeallachta Stairiúla faisnéis atá ar an toirt agus atá cothrom le dáta ar thaifid bhunachar sonraí SSÉ, go mbíonn faisnéis thuairisciúil agus ghrianghrafadóireachta níos cuimsithí sna cóipeanna crua de chomhaid SSÉ go ginearálta, ba cheart a chur san áireamh agus taighde á dhéanamh. D’fhéadfadh faisnéis thuairisciúil, tuarascálacha allamuigh, tagairtí stairiúla, léarscáileanna, pleananna agus grianghraif a bheith sna comhaid pháipéir, ag brath ar chontae agus rangú, agus déantar iad a nuashonrú i bhfianaise taighde leanúnach.

Molaimid do thaighdeoirí dul i gcomhairle leis an Amharcóir Timpeallachta Stairiúla ar dtús. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chugainn ag nmarchive@housing.gov.ie le huimhir an TLS de na comhaid a theastaíonn (in ord uimhreach) agus éascóimid d’iarratas gan mhoill. D’fhéadfadh go mbeadh gá le taisteal chuig Ionad Acmhainní na mBailiúchán, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath de bharr iarratais ar líon mór comhad, áit ar féidir leat na comhaid riachtanacha i bhformáid PDF a easpórtáil chuig fillteán pearsantaithe. Cuirfidh foireann na Cartlainne ábhar an fhillteáin sin ar aghaidh chugat ina dhiaidh sin trí aistriú comhad.

Tuarascálacha ó Imscrúduithe Seandálaíochta

Mar thoradh ar thochailtí seandálaíochta agus imscrúduithe faoi thionchar na forbartha sa tréimhse 1990–2024 scríobhadh breis agus 46,000 tuarascáil tochailte — tuarascálacha ceadúnaithe (c. 40,000) agus tuarascálacha neamhcheadúnaithe (c. 6,000) araon. Soláthraítear i gCartlann Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) rochtain ar leaganacha digiteacha agus ar chóipeanna crua díobh sin a cuireadh isteach. Tá Áis Aimsithe a nuashonraítear go bliantúil agus ina liostaítear na tuarascálacha seandálaíochta go léir atá i seilbh an Aonaid Cartlainne ar fáil mar scarbhileog Microsoft Excel. Tá innéacs inti de na cineálacha tuarascálacha atá san áireamh chomh maith le bileoga oibre ar leith le haghaidh Ceadúnais Tumadóireachta, Tuarascálacha Tochailte, Tochailtí a dhéantar faoi Chead nó Ordachán ón Aire, tuarascálacha Neamhcheadúnaithe agus Toilithe Gairis Braite.

Is féidir teacht ar bhunachar sonraí de thuarascálacha tochailte na hÉireann ag excavations.ie (suíomh gréasáin nach bhfuil á oibriú ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta). Tá cuntais achoimre ann ar na tochailtí go léir a rinneadh in Éirinn ó 1970 go 2024. Leis an suíomh gréasáin sin, is féidir le taighdeoirí na huimhreacha ceadúnais tochailte atá de dhíth a nótáil agus iad ag iarraidh tuarascálacha ó Chartlann SSN.

Tabhair faoi deara: Féadfar iarratais a sheoladh ar ais chuig taighdeoirí lena gceartú má luaitear an uimhir cheadúnais mhícheart iontu. Is é an t-aon fhormáid ina nglactar leis an uimhir cheadúnais ná, e.g. 04E1254. Tabhair faoi deara freisin gur leis an údar cóipcheart na tuarascála; beidh ar thaighdeoirí aontú ar théarmaí agus coinníollacha an chóipchirt chun tuarascálacha a fháil.

Cuir ríomhphost chugainn le do thoil ag nmarchive@housing.gov.ie le huimhreacha ceadúnais na dtuarascálacha a theastaíonn (in ord uimhreach) agus éascóimid d’iarratas gan mhoill. D’fhéadfadh go mbeadh gá le taisteal chuig Ionad Acmhainní na mBailiúchán, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath de bharr iarratais ar líon mór comhad, áit ar féidir leat tuarascálacha i bhformáid PDF a easpórtáil chuig fillteán pearsantaithe. Cuirfidh foireann na Cartlainne ábhar an fhillteáin sin ar aghaidh chugat ina dhiaidh sin trí aistriú comhad.

Rochtain fhisiciúil ar Bhailiúcháin Eile

In ionad rochtain a bheith ar fáil go pearsanta ar bhailiúcháin Chartlann SSN, tá ábhar ar fáil anois do thaighdeoirí i bhformáid leictreonach, nuair is féidir, toisc nach bhfuil rochtain againn a thuilleadh ar sheomra léitheoireachta ar an láthair. I gcásanna nach bhfuil digitiú déanta fós ar chomhaid a iarrtar, d’fhéadfadh go mbeadh ort taisteal chuig Ionad Acmhainní na mBailiúchán, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath chun na comhaid a fheiceáil ina mbunfhormáid. Is féidir iarratais ar rochtain ar Bhailiúcháin Chatalógaithe agus ar Bhailiúcháin Eile a chur chugainn ag: nmarchive@housing.gov.ie, agus déanfar coinne duit chun taisteal go dtí Ionad Acmhainní na mBailiúchán, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath ag am arna chomhaontú leat chun an bunábhar a fheiceáil. Beidh rialacháin ghinearálta an tseomra léitheoireachta i bhfeidhm le linn gach cuairte.

Taiscí ó Imscrúduithe Seandálaíochta

Bailíonn Cartlann SSN ábhar nach déantán é a aimsíodh in imscrúduithe seandálaíochta. Tá treoirlínte mionsonraithe maidir le staid na taisce, ullmhú an ábhair, críochnú na catalóige agus foirmeacha gaolmhara le fáil anseo https://www.archaeology.ie/publications/nms-deposit-guidelines/

Chun cabhrú le taisceoirí, soláthraíonn Cartlann SSN na boscaí agus na tiúba ar chaighdeán cartlainne atá riachtanach. Ní cheanglaítear ar thaisceoirí ach fillteáin stórála cheadaithe a cheannach iad féin.

Tabhair faoi deara: Déileáiltear le taiscí cartlann seandálaíochta ar bhonn cás ar chás. Téigh i dteagmháil linn le do thoil ag nmarchive@housing.gov.ie chun riachtanais a phlé agus tús a chur leis an bpróiseas chun catalóg shaincheaptha a chruthú le haghaidh do thaisce ar leith.

Déileáiltear le rochtain ar na taiscí sin freisin ar bhonn cás ar chás. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadadh roinnt bailiúchán atá curtha i dtaisce a bheith dúnta do thaighdeoirí ar feadh suas le trí bliana, de réir staid na taisce. Déan teagmháil le nmarchive@housing.gov.ie le haghaidh coinníollacha rochtana maidir le taiscí sonracha.

Nasc chuig Foirmeacha Iarratais

When requesting files or reports from the NMS Archive, please complete the following form and submit it to nmarchive@housing.gov.ie. Requests will be facilitated in a timely manner. Alternatively, a list of files or reports sent by email to nmarchive@housing.gov.ie is also acceptable.

Foirm 1: PDF Foirme Iarratais ar Chomhad Cartlainne

Eolas Teagmhála Chartlann SSN

Uimhir theileafóin: (01) 888 3922 (ó Éirinn) / +353 1 8883922 (ó áiteanna lasmuigh d’Éirinn); ríomhphost nmarchive@housing.gov.ie

Le haghaidh ceisteanna nach mbaineann le hábhar cartlainne (pleanáil/ceadúnú/cosaint séadchomharthaí, etc.) seol ríomhphost chugainn ag: nationalmonuments@housing.gov.ie

Scroll to Top