Amharcóir Timpeallachta Stairiúil

Amharcóir Timpeallachta Stairiúil

Is seirbhís dhigiteach saor in aisce é an tAmharcóir Timpeallachta Stairiúla (ATS) a forbraíodh chun rochtain ar líne ar thacair sonraí spásúla Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (FNOA) a éascú. Is féidir teacht ar aip ATS ar fhormhór na mbrabhsálaithe agus na n-ardán, ar fhóin chliste san áireamh.

Lainseáil aip an Amharcóra Timpeallachta Stairiúla

Íoslódáil Treoir Úsáideora an Amharcóra Timpeallachta Stairiúla

Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide

Tabhair faoi deara: tá feidhm ag ráiteas cóipchirt agus admhála agus an tAmharcóir Timpeallachta Stairiúil in úsáid. Clúdaíonn sé Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus cóipcheart tríú páirtí araon, mar shampla, na bunléarscáileanna a chuireann Tailte Éireann ar fáil. I ndiaidh an aip a chur ar siúl, iarrfar ar úsáideoirí na Téarmaí agus Coinníollacha a admháil agus glacadh leo.

Rochtain ar Shonraí Oscailte

Is féidir na tacair sonraí atá le feiceáil san Amharcóir Timpeallachta Stairiúla a íoslódáil trínár leathanach Sonraí Oscailte.

Scroll to Top