Forbhreathnú
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag súil go mbeidh na hoibreacha ar fad curtha i gcrích faoi na Ceadúnais nó na Toilithe a eisímid á ndéanamh ag na caighdeáin is airde de dhea-chleachtas reatha.
Ár gCaighdeáin agus Treoir
Chun tacú le dea-chleachtas i ndáil le hoibreacha seandálaíochta a dhéanamh agus chun a leithéid a chur chun cinn, tá na doiciméid treorach agus caighdeán seo a leanas curtha i dtoll a chéile againn:
- An Creat agus na Prionsabail um Chosaint na hOidhreachta Seandálaíochta—ráiteas uileghabhálach maidir le beartas agus cleachtas ginearálta um chosaint na hoidhreachta seandálaíochta
- Beartas agus Treoirlínte maidir le Tochailt Seandálaíochta—treoir dhea-chleachtais maidir le tochailtí seandálaíochta atá comhlíontach leis an dlí a dhéanamh
- Treoirlíne d’Údair Tuarascálacha maidir le Tochailt Seandálaíochta—treoir dhea-chleachtais maidir le tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thorthaí tochailtí seandálaíochta
- Comhairle don Phobal maidir le Gléasanna Miotalbhraite a úsáid—treoir dhea-chleachtais maidir le gléasanna miotalbhraite a úsáid
- Scéimeanna Seandálaíochta agus Cosanta Tuilte: Treoirlínte agus Aguisín—treoir dhea-chleachtais maidir le seandálaíocht a bhainistiú agus oibreacha seandálaíochta a dhéanamh i gcomhthéacs Scéimeanna Cosanta Tuilte
Caighdeáin agus Treoir Eile
Chomh maith leis sin, soláthraíonn na heagraíochtaí seo a leanas doiciméid treorach agus caighdeán atá ábhartha d’oibreacha agus do ghníomhaíochtaí seandálaíochta a chur i gcrích:
- Ard-Mhúsaem na hÉireann—treoir maidir le caitheamh le déantáin agus taisí daonna
- Institiúid Seandálaithe na hÉireann—raon caighdeán agus treorach maidir le dea-chleachtas do sheandálaithe gairmiúla
- An Chomhairle Oidhreachta—raon caighdeán agus treorach maidir le dea-chleachtas do sheandálaithe gairmiúla agus dóibh siúd a bhfuil oibreacha seandálaíochta á gcoimisiúnú acu
- Bonneagar Iompair Éireann—treoir dhea-chleachtais maidir le hoibreacha seandálaíochta a bhaineann le tionscadail bhóthair agus iarnróid éadroim a bhainistiú agus a chur i gcrích
- Eirgrid—treoir dhea-chleachtais maidir le hoibreacha seandálaíochta a bhaineann le tionscadail bonneagair fuinnimh a bhainistiú agus a chur i gcrích