Cathain a theastaíonn Cead ón Aire?
Ní mór d’aon duine a dhéanann oibreacha ar shéadchomhartha náisiúnta (lena n-áirítear athrú ar shéadchomhartha náisiúnta nó cur isteach air) lena mbaineann Alt 14 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú) cead a fháil ón Aire ar dtús. Tá ceanglas le haghaidh Cead ón Aire i bhfeidhm freisin má tá suaitheadh talún timpeall séadchomhartha náisiúnta den sórt sin nó cóngarach dó.
Ní oibreacha seandálaíochta amháin atá i gceist le ‘oibreacha’ – tá aon oibreacha, amhail oibreacha forbraíochta nó caomhnaithe — clúdaithe.
Cé acu de na Séadchomharthaí Náisiúnta atá clúdaithe ag an gceanglas?
Ciallaíonn an téarma ‘séadchomhartha náisiúnta’ aon séadchomhartha a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint lena chaomhnú ar fhorais oidhreachta.
Baineann Alt 14 d’Acht 1930 le:
- séadchomharthaí náisiúnta atá faoi réir Ordú um Chaomhnú faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta;
- séadchomharthaí náisiúnta atá faoi úinéireacht nó faoi choimirce an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta;
- séadchomharthaí náisiúnta atá faoi úinéireacht nó faoi choimirce údaráis áitiúil.
Sa chás go mbeartaítear oibreacha ag láithreáin oidhreachta shuntasacha atá faoi úinéireacht údaráis áitiúil nó timpeall orthu, ba cheart breithniú cúramach a dhéanamh i dtaobh an dtagann riachtanas maidir le Cead ón Aire chun cinn. Beidh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sásta comhairle a thabhairt i gcásanna áirithe ina bhfuil oibreacha á mbreithniú.
Conas a dheonaítear toiliú?
Deonaítear toiliú de rogha an Aire, tar éis dul i gcomhairle le Stiúrthóir an Ard-Mhúsaeim. Má dheonaítear é, soláthraítear le Cead ón Aire faoi Alt 14 d’Acht 1930 díolúintí áirithe ó cheanglais cheadúnaithe nó toilithe eile faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, seachas ón gceanglas maidir le ceadúnas chun réad seandálaíochta a athrú nó a onnmhairiú.
An dteastaíonn Cead ón Aire uaim má tá cead pleanála nó údarú eile agam faoi reachtaíocht eile?
Lasmuigh d’oibreacha ar mhórbhóithre náisiúnta áirithe, lena mbaineann an córas Ordachán ón Aire maidir le hoibreacha seandálaíochta, fiú má tá cead nó údarú agat faoi reachtaíocht eile tá gá fós le Cead ón Aire faoi Alt 14 d’Acht 1930.
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar Chead ón Aire?
Comhlánaigh le do thoil an Fhoirm Iarratais chun Cead ón Aire a fháil. Is féidir é sin, mar aon le heolas tacaíochta (féach tuilleadh thíos), a sheoladh trí ríomhphost chugainn ag: nationalmonuments@housing.gov.ie
Scríobh Iarratas S14 ar Chead ón Aire i líne ábhair do ríomhphoist agus cinntigh go gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh le d’iarratas:
- Léarscáil SO, ag ceann amháin de na scálaí seo a leanas, ar a marcáiltear suíomh an láithreáin:
- suíomh tuaithe 1:5000/1:10000
- suíomh uirbeach 1:1000
- Ainm agus sonraí teagmhála an tseandálaí/an ailtire/an innealtóra atá ag ullmhú na ndoiciméad
- Ráiteas Modha
- Litir ón Údarás Áitiúil (má tá fógra á thabhairt thar ceann Údaráis Áitiúil) nó deimhniú i scríbhinn maidir le cead an úinéara
- Aon uimhreacha tagartha a bhaineann leis an tionscadal. Mar shampla, uimhir thagartha an tionscadail oidhreachta arna sannadh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus aon uimhir thagartha iarratais pleanála (nuair atá sí ar fáil) arna sannadh ag an údarás pleanála ábhartha.
Nóta Tábhachtach: Níor cheart glacadh leis go bhfuair Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta an fhoirm fógartha seo go dtí go mbeidh deimhniú i scríbhinn uainn faighte agat á chur sin in iúl duit.
Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?
- Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930–2014