Cathain a bhíonn Ceadúnas Tochailte ag teastáil?

Tá Ceadúnas Tochailte éigeantach nuair a bhíonn aon tochailt á déanamh chun críocha seandálaíochta (mura bhfuil na hoibreacha á ndéanamh faoi Ordachán ón Aire nó faoi Thoiliú an Aire). Chomh maith leis sin, molaimid go bhfaightear Ceadúnas Tochailte nuair a bhíonn faireachán seandálaíochta á dhéanamh.

Tabhair faoi deara: Le haghaidh cineálacha áirithe d’iniúchadh seandálaíochta, b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach toilithe nó ceadúnais thacaíochta eile a fháil ag an am céanna leis an gCeadúnas Tochailte. Mar shampla, teastaíonn Toiliú Gléis Braite chun brathadóir miotail a úsáid chun déantáin a chuardach mar chuid d’iniúchadh seandálaíochta; teastaíonn Ceadúnas Tumadóireachta chun tochailt a dhéanamh ag láithreán faoi uisce.

Cé hiad na daoine a bhfuil cead acu iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Tochailte?

Ba cheart go mbeadh gach iarratasóir ar Cheadúnais Tochailte eolach ar sheandálaíocht go ginearálta—agus ar sheandálaíocht na hÉireann go háirithe—agus ní mór go mbeidís in ann tochailt seandálaíochta a dhéanamh. Déantar é sin a mheas ag agallamh inniúlachta. Féadfaidh seandálaithe ó bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar mian leo tochailtí seandálaíochta a dhéanamh in Éirinn ar bhonn sealadach nó ócáideach iarratas a dhéanamh ar dhíolúine i ndáil leis an gceanglas a bhaineann le hagallamh a dhéanamh. Féach ar an rannóg dar teideal Agallamh Inniúlachta má theastaíonn níos mó eolais uait maidir le bheith incháilithe chun ceadúnas a fháil trí agallamh a dhéanamh nó tríd an bpróiseas díolúine.

Ní mór go mbeadh ‘dea-chlú’ ar na hiarratasóirí tráth déanta iarratais: ní mór go mbeadh coinníollacha aon cheadúnais a eisíodh dóibh roimhe sin comhlíonta go sásúil, agus go háirithe, ní mór go mbeadh na ceanglais tuairiscithe ar fad comhlíonta acu. Mura bhfuil ‘dea-chlú’ ar iarratasóir, ansin d’fhéadfaí moill a chur ar phróiseáil iarratais fad is atáthar ag díriú ar aon cheanglas gan réiteach a bhain le ceadúnais a bhí acu roimhe sin. Chomh maith leis sin, coimeádann Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta an ceart diúltú d’iarratais ar cheadúnas sa chás go bhfuil a leithéid de cheisteanna gan réiteach.

Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?

Scroll to Top