Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Tochailte?

Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Ceadúnas Tochailte. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie

Cinntigh go gcuireann tú na nithe seo a leanas ar fáil le d’iarratas:

  • Ráiteas Modha mionsonraithe
  • Litir Mhaoinithe, ar pháipéar ceannteidil agus sínithe go cuí (cuirtear teimpléad ar fáil in aguisín leis an bhfoirm iarratais)
  • Cóip de na coinníollacha pleanála (sa chás go mbaineann na hoibreacha a bhfuil an ceadúnas ag teastáil lena n-aghaidh le cead pleanála)

Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas (ar a laghad) le fáil sa Ráiteas Modha:

  • Achoimre ar an tochailt atá beartaithe, lena n-áirítear sonraí maidir leis an gcuspóir agus leis an tréimhse ama
  • Cur síos ar an láithreán, lena n-áirítear topagrafaíocht agus bail faoi láthair, mar aon le haon úsáid ábhartha a bhaineann leis an tréimhse roimhe seo
  • Eolas cúlra ábhartha, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • comhthéacs seandálaíochta agus stairiúil áitiúil an láithreáin
    • cúlra pleanála agus cur síos ar an bhforbairt (más infheidhme)
    • aidhmeanna agus cuspóirí taighde
  • Straitéis tochailte, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • méid agus fairsinge láithreán/ghearrthacha/thrinsí na tochailte (de réir mar is cuí
    • modhanna tochailte, lena n-áirítear aon úsáid atá beartaithe a bhaint as trealamh meicniúil
    • modhanna suirbhé agus taifeadta
    • straitéis aimsithe earraí
    • straitéis samplála
    • srianta ar mhodhanna seandálaíochta
    • ceanglais agus/nó srianta sláinte agus sábháilteachta
  • Clár tochailte ina ndéantar cur síos ar an tréimhse a bhfuiltear ag súil a mhairfidh aon/gach céim den obair ar an láithreán
  • Foireann agus struchtúr an tionscadail, lena n-áirítear pearsanra, speisialtóirí agus caomhnóir ar an láithreán
  • Socruithe stórála d’earraí a fhaightear/do shamplaí/do chartlanna
  • Straitéis tuairiscithe, lena n-áirítear dátaí seachadta
  • Mapáil agus léaráidí, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
    • léarscáil de shuíomh an láithreáin: Léarscáil OSi (1:5000) do cheantair thuaithe agus (1:1000) do cheantair uirbeacha (nó leagan coibhéiseach oiriúnach)
    • mapáil stairiúil ábhartha
    • plean an láithreáin (scálaithe), ar a dtaispeántar go soiléir suíomh, fairsinge agus leagan amach na tochailte atá beartaithe
    • plean den fhorbairt atá beartaithe (más infheidhme)

Ba cheart duit d’iarratais a dhéanamh ar a laghad 3 SEACHTAINE sula bhfuil sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha seandálaíochta, chun am a thabhairt dúinn chun an t-iarratas a mheas agus a phróiseáil.

Tá sraith chaighdeánach coinníollacha le fáil san fhoirm iarratais ar cheadúnas tochailte, díreach mar eolas. D’fhéadfaí an na coinníollacha sin a chuimsiú i gceadúnas, má eisítear a leithéid, mar aon le haon choinníoll nó srian eile a bhaineann go sonrach leis an láithreán a mheastar atá oiriúnach. Tá freagracht dhlíthiúil ar an gceadúnaí as a chinntiú go gcloítear le gach coinníoll den cheadúnas i gceart.

Conas is féidir liom an Mhodheolaíocht do Cheadúnas Tochailte a nuashonrú?

Ní mór go mbeadh na hoibreacha seandálaíochta ar fad a chuirtear i gcrích ar an láithreán ag teacht leis an ráiteas modha comhaontaithe ar cuid den iarratas ceadaithe é. D’fhéadfadh imthosca athrú, áfach, roimh thús a chur leis na hoibreacha ar an láithreán nó ina dhiaidh, a dteastaíonn athruithe ar an modh comhaontaithe dá mbarr. Sa chás go dtarlaíonn a leithéid, ní mór ráiteas modha seandálaíochta nuashonraithe a chur ar fáil chun críche ceada. Cuimsítear i measc na n-imthosca a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn lena leithéid de nuashonrú (ach gan a bheith teoranta do):

  • Athruithe ar eagar trinseála (chun seirbhísí nó fiadhúlra cosanta a sheachaint mar shampla)
  • Limistéar tochailte a mhéadú
  • Uirlisí meicniúla a úsáid nó athrú úsáide chomh fada is a bhaineann le huirlisí meicniúla nó an cineál uirlise meicniúla
  • Athruithe ar phríomh-mhodhanna taifeadta ar an láithreán
  • Ábhar seandálaíochta nua a aimsiú (i rith faireachán seandálaíochta mar shampla)
  • Taisí daonna a aimsiú gan choinne.

Ní mór an ráiteas modha nuashonraithe, ina bhfuil cur síos iomlán ar na hathruithe atá déanta ar an straitéis tochailte, i dteannta le léarscáileanna agus léaráidí oiriúnacha, a sheoladh chuig Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie

Cinntigh go bhfuil uimhir an cheadúnais sonraithe i líne an ábhair do ríomhphoist agus sonraithe go soiléir ar leathanach teidil an doiciméid.

Ní mór an ráiteas modha nuashonraithe a athbhreithniú agus a chomhaontú le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sula ndéantar aon ghníomhaíocht atá sonraithe ann ar an láithreán.

Conas is féidir liom Síneadh a Chur le Ceadúnas Tochailte/Ceadúnas Tochailte a Athghníomhachtú?

Eisítear gach ceadúnas do thréimhse sheasta. Mura féidir an clár oibreacha beartaithe faoin gceadúnas a chur i gcrích laistigh den tréimhse a bhfuiltear ag súil léi agus más gá leanúint ar aghaidh le hoibreacha ar an láithreán, ní mór don cheadúnaí iarratas a dhéanamh chun síneadh a chur leis an gceadúnas. Ní mór iarratais ar shíntí a chur isteach roimh dháta deiridh an cheadúnais reatha.

Má tá an ceadúnas imithe in éag, féadfaidh an ceadúnaí iarratas a dhéanamh chun an ceadúnas a athghníomhachtú. D’fhéadfadh sé sin a bheith riachtanach chun an clár oibre a bhí beartaithe ag an tús a chríochnú nó chun céim bhreise d’oibreacha seandálaíochta a chur i gcrích ag an láithreán nó ag an suíomh céanna.

Is féidir iarratais ar shíntí nó ar athghníomhachtuithe a sheoladh trí ríomhphost chuig: licensingsection@housing.gov.ie

Cinntigh go bhfuil uimhir an cheadúnais sonraithe i líne an ábhair do ríomhphoist.

An féidir Ceadúnas Tochailte a Aistriú?

Mura féidir leis an seandálaí bunaidh ar eisíodh ceadúnas dóibh an clár oibreacha a bhí beartaithe ar an láithreán a dhéanamh, an clár iomlán nó cuid de, ansin is féidir an ceadúnas a aistriú chuig seandálaí eile. Níor cheart ceadúnais a aistriú ach amháin nuair atá nó má tá obair allamuigh ar an láithreán fós le críochnú.

Tabhair faoi deara: Tá aistriú ceadúnais fós faoi réir na seiceálacha comhlíontachta céanna le hiarratas nua ar cheadúnas. Ní mór go mbeadh an duine a bhfuil an ceadúnas á aistriú chucu incháilithe chun ceadúnas a fháil, agus ní mór go mbeadh ‘dea-chlú’ orthu an tráth a ndéantar an t-iarratas ar aistriú. Nuair a bhíonn an t-aistriú críochnaithe, bíonn freagracht dhlíthiúil ar an gceadúnaí nua as a chinntiú go gcloítear le gach coinníoll den cheadúnas i gceart. Glacann siad le freagracht as aon rud ársa, éiceadhéantán, cartlann agus ceanglas tuairiscithe a d’fhéadfadh fós a bheith ag baint le haon chéim oibre curtha i gcrích faoin gceadúnas ach sula nglacadh leis an aistriú. Tá an seandálaí atá ag glacadh leis an aistriú freagrach as carachtar agus stádas a leithéid sin a chinntiú sula gcomhlánaítear an t-iarratas aistrithe.

Ní mór don bheirt seandálaithe an Fhoirm um Aistriú Ceadúnais, a chomhlánú agus a shíniú, agus a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo: licensingsection@housing.gov.ie

Cinntigh go bhfuil uimhir an cheadúnais luaite i líne an ábhair an ríomhphoist agus go bhfuil Litir Mhaoinithe nuashonraithe curtha san áireamh ar a bhfuil ainm an tseandálaí atá chun freagracht a ghlacadh as an gceadúnas.

Má tá aon athrú tagtha ar an modheolaíocht a ceadaíodh roimhe sin, ar an raon oibreacha nó ar an limistéar tochailte, ní mór ráiteas modha nuashonraithe a chur ar fáil leis an iarratas ar aistriú ceadúnais. Seachas sin, bítear ag súil go ndéanfaidh an ceadúnaí nua oibreacha de réir an ráitis modha a comhaontaíodh ar dtús.

Céard iad na coinníollacha a bhaineann le Ceadúnas Tochailte a Chealú?

Sa chás gur eol do cheadúnaí nach ndéanfar oibreacha a bhfuarthas ceadúnas lena n-aghaidh, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta chomh luath agus is féidir, chun fógra a thabhairt dúinn agus chun iarratas a dhéanamh chun an ceadúnas a chealú. D’fhéadfadh teip iarratas a dhéanamh chun ceadúnas nach bhfuil ag teastáil níos mó a chealú a bheith mar bhonn le moill ar phróiseáil aon iarratas leanúnach nó todhchaíoch ar cheadúnas ón iarratasóir céanna. Ní féidir ceadúnais a chealú ach amháin mura bhfuil aon cheann de na hoibreacha/de na gníomhaíochtaí a ceadaíodh faoin gceadúnas curtha i gcrích. Má tá aon chineál oibreacha déanta (is cuma faoi cé chomh teoranta is atá an raon), ansin beidh feidhm fós leis na gnáthcheanglais tuairiscithe agus chartlannaithe chun ceadúnas a dhúnadh.

Is féidir iarratais ar chealú a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie; cinntigh, le do thoil, go bhfuil uimhir an cheadúnais sonraithe i líne an ábhair.

Scroll to Top