Cathain a bhíonn Ordachán ón Aire ag teastáil?
Teastaíonn Ordachán ón Aire i gcomhair aon chineál oibreacha seandálaíochta atá riachtanach do scéim bóthair cheadaithe (arna mhíniú i ndlí na hÉireann), nó le haghaidh aon chineál oibreacha seandálaíochta a bhaineann le príosún a fhorbairt.
Foráiltear san Ordachán ón Aire údarú don chlár riachtanach oibreacha seandálaíochta trí chéile. Ansin déanann an Seandálaí/na Seandálaithe Ainmnithe iarratas ar chlárú aonair do gach cúram nó iniúchadh seandálaíochta a bhaineann leis an gclár oibreacha ceadaithe sin. Tá níos mó eolais le fáil inár Nóta Treorach maidir le hOrdacháin ón Aire.
Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Ordachán ón Aire?
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Ordachán ón Aire agus an Seicliosta. Is féidir na foirmeacha comhlánaithe agus an seicliosta a sheoladh chugainn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: nationalmonuments@housing.gov.ie
Scríobh Iarratas – Ordachán ón Aire i líne an ábhair do ríomhphoist, agus cinntigh go gcuirtear na nithe seo a leanas ar fáil le d’iarratas:
- Ainm agus sonraí teagmhála an tseandálaí/an ailtire/an innealtóra atá ag ullmhú na ndoiciméad
- Ráiteas Modha do na hoibreacha seandálaíochta atá beartaithe
- Cóip de na doiciméid a bhaineann le Cead Pleanála
- Cóip den Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (is féidir nasc uaslódála a lorg uainn do chomhaid mhóra)
Nóta Tábhachtach: Níor cheart glacadh leis go bhfuil an t-iarratas sin faighte ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta go dtí go bhfaigheann tú deimhniú i scríbhinn á chur sin in iúl duit.
Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Uimhir Chláraithe?
Is féidir iarratas a dhéanamh ar uimhreacha cláraithe do chúig chineál gníomhaíochta:
- Tochailtí seandálaíochta, lena n-áirítear tochailt tástála agus faireachán seandálaíochta mar aon le tochailt seandálaíochta iomlán
- Tumadóireacht mar chuid den chlár seandálaíochta
- Gléasanna braite a úsáid mar chuid den chlár seandálaíochta
- Suirbhé foirgníochta agus suirbhéanna eile
- Oibreacha riachtanacha ar shéadchomhartha mar chuid den chlár seandálaíochta
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Uimhir Chláraithe Ordacháin ón Aire. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: nationalmonuments@housing.gov.ie
Cinntigh go gcuireann tú na nithe seo a leanas ar fáil le d’iarratas:
- Ráiteas Modha mionsonraithe
- Aon ábhar tacaíochta ábhartha eile
Má theastaíonn treoir uait maidir le formáid agus ábhar a bhíonn le fáil i Ráitis Mhodha oiriúnacha, féach ar ár gcomhairle maidir le conas iarratas a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?
- Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930–2014
- Acht na bPríosún, 2007