Cathain a bhíonn Toiliú Gléis Braite ag teastáil?
Tá Toiliú Gléis Braite éigeantach chun úsáid a bhaint as gléas braite chun cuardach le haghaidh rudaí ársa ag aon suíomh ar an talamh nó faoi uisce, nó chun úsáid a bhaint as gléas braite nó chun é a bheith i do sheilbh ag láithreán nó ag séadchomhartha seandálaíochta atá cosanta faoi dhlí na hÉireann (mura bhfuil na hoibreacha á gcur i gcrích faoi Ordachán ón Aire nó faoi Thoiliú an Aire).
Teastaíonn Toiliú Gléis Braite do shuirbhéanna geoifisiceacha seandálaíochta ag aon suíomh, agus chun gléasanna braite miotail a úsáid.
Tabhair faoi deara: Le haghaidh cineálacha áirithe d’iniúchadh seandálaíochta, b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach toilithe nó ceadúnais tacaíochta eile a fháil ag an am céanna leis an Toiliú Gléis Braite. Mar shampla, teastaíonn Ceadúnas Tochailte chun brathadóir miotail a úsáid chun cuardach le haghaidh déantán mar chuid de thochailt seandálaíochta; teastaíonn Ceadúnas Tumadóireachta ag láithreán faoi uisce.
Conas is féidir liom Iarratas a dhéanamh ar Thoiliú Gléis Braite?
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais – Toiliú Gléis Braite. Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist: licensingsection@housing.gov.ie
Chomh maith leis sin, molaimid Ráiteas Modha a chur ar fáil le hiarratais ina ndéantar cur síos ar an tslí a n-úsáidfear an gléas braite.
Ba cheart go mbeadh an t-eolas seo a leanas (ar a laghad) le fáil sa Ráiteas Modha:
- Achoimre ar na hoibreacha atá beartaithe, lena n-áirítear an cuspóir agus sonraí na tréimhse atá i gceist
- Cur síos ar an láithreán, lena n-áirítear topagrafaíocht agus bail faoi láthair mar aon le haon úsáid/teagmhas ábhartha a bhaineann leis an tréimhse roimhe seo
- Eolas cúlra ábhartha, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- comhthéacs seandálaíochta agus stairiúil áitiúil an láithreáin
- cúlra pleanála agus cur síos ar an bhforbairt (más infheidhme)
- aidhmeanna agus cuspóirí taighde
- Straitéis an tionscadail, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- méid agus fairsinge limistéar an tsuirbhé
- modhanna suirbhé agus taifeadta
- srianta ar mhodhanna seandálaíochta
- ceanglais agus/nó srianta sláinte agus sábháilteachta
- · Foireann agus struchtúr an tionscadail
- Straitéis tuairiscithe, lena n-áirítear dátaí seachadta
- Mapáil agus léaráidí, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do):
- § léarscáil de shuíomh an láithreáin: Cairt Aimiréalachta nó léarscáil OSi (1:5000) do cheantair thuaithe agus (1:1000) do cheantar uirbeacha (nó leagan coibhéiseach oiriúnach)
- mapáil stairiúil ábhartha
- plean an láithreáin (scálaithe) ar a dtaispeántar go soiléir suíomh, fairsinge agus leagan amach na tochailte atá beartaithe
- plean den fhorbairt atá beartaithe (más infheidhme)
Cá bhfuil an reachtaíocht ábhartha le fáil?
- · Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930–2014