Le Ciste na Séadchomharthaí Pobail (CSP) — bunaithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta in 2020 — is é an aidhm atá ann séadchomharthaí áitiúla agus láithreacha stairiúla a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn.
Cuirtear maoiniú ar fáil leis an CSP le haghaidh deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú a mheastar a bheith suntasach agus a bhfuil gá acu le tacaíocht phráinneach. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin chun Pleananna Bainistíochta um Chaomhnú a fhorbairt chun bearta a aithint a d’fhéadfadh a bheith de dhíth chun séadchomharthaí a chaomhnú. Is é an aidhm atá ann ná a n-athléimneacht a neartú, chun cabhrú leo éifeachtaí an athraithe aeráide a sheasamh.
Tá deontais ar fáil freisin chun bonneagar rochtana poiblí agus léirmhíniú ag séadchomharthaí seandálaíochta a fheabhsú, chun a gcur i láthair a fheabhsú agus chun rochtain orthu a spreagadh.
Tá an CSP á riar ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta trí Údaráis Áitiúla. Ón mbliain 2020 i leith, bronnadh breis is €26.5m ar 600 tionscadal oidhreachta faoin gciste.
Is scéim bhliantúil í an CSP. Fógraítear glaonna ar iarratais i mí Dheireadh Fómhair nó i mí na Samhna gach bliain. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin scéim, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus sonraí an phróisis iarratais, a fháil ar shuíomh gréasáin Gov.ie: https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/publications/community-monuments-fund-2025-call-for-projects/#streams-1-3