Deontais Seandálaíochta Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ)

Tá caidreamh seanbhunaithe idir Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ). Tá sraith scéimeanna deontais taighde seandálaíochta arna mbainistiú ag ARÉ, arna dtacú le maoiniú Seirbhíse na Séadchomharthaí Náisiúnta lena n-éascaítear na deontais agus lena dtacaítear le foilseacháin ábhartha éagsúla freisin.

Is iad seo a leanas na scéimeanna deontais atá á riar ag ARÉ:

  • an Deontas Taighde don Chartlann Seandálaíochta
  • Scéim an Taighde Seandálaíochta le haghaidh Réadmhaoine Oidhreachta Domhanda agus an Liosta Sealadach
  • Scéim an Deontas um Oidhreacht Seandálaíochta
  • Deontais don Taighde Seandálaíochta Tochailte agus
  • Deontais don Taighde Seandálaíochta.

Tá na sruthanna deontais ar fáil ar bhonn bliantúil, agus fógraíonn ARÉ dátaí oscailte éagsúla le haghaidh glaonna ar iarratais. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin ARÉ: https://www.ria.ie/grants/

Scroll to Top