Cad is Cóid Chleachtais iontu?
Forbraíodh Cóid Chleachtais mar mhodh chun bainistiú agus cosaint ár n-oidhreacht luachmhar seandálaíochta a neartú agus ag an am céanna chun ligean do sholáthraithe bonneagair an stáit dul ar aghaidh lena gcláir oibre chomh héifeachtach agus is féidir.
Tháinig na cóid seo chun cinn mar thoradh ar chomhairliúchán fairsing idir Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus na heagraíochtaí a bhí páirteach. Léiríonn siad tiomantas gach duine a bhfuil baint acu le caomhnú seandálaíochta agus le forbairt inbhuanaithe atá íogair dár n‑oidhreacht seandálaíochta.
Cé lena mbaineann siad?
Tá Cóid Chleachtais aontaithe ag na heagraíochtaí seo a leanas linn: