Bainistíonn Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta réimse leathan ábhair, idir dhoiciméadach agus ghrianghrafach, a bhaineann le hoidhreacht seandálaíochta na hÉireann trí:
- Choimeád, bainistiú agus féachaint le rochtain phoiblí a thabhairt ar thaifid sheandálaíochta i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme;
- Thaispeántais a tháirgeadh agus tascanna grianghrafadóireachta a dhéanamh;
- Mhaoirseacht a dhéanamh ar thaisce taifead ó ghníomhaíochtaí seandálaíochta.
Seol ríomhphost le do thoil chuig NMArchive@housing.gov.ie chun rochtain a fháil ar ár dtaifid pháipéir agus chuig Photoarchive@housing.gov.ie le haghaidh ceisteanna a bhaineann lenár gcartlann grianghraf.