Cosaint agus Caomhnú

Cinntíonn Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta cosaint agus caomhnú séadchomharthaí trí:

  • Ár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint trí chreat na reachtaíochta infheidhmithe;
  • Fhreagairt do thuairiscí faoi bhagairt nó damáiste do shéadchomharthaí seandálaíochta, lena n-áirítear tuairiscí ar choireacht oidhreachta;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar mholtaí chun oibreacha a dhéanamh ar shéadchomharthaí seandálaíochta;
  • Dhul i ngleic le páirtithe leasmhara agus le pobail chun feasacht a ardú faoi chosaint ár n-oidhreacht seandálaíochta;
  • Chiste na Séadchomharthaí Pobail a mhaoiniú agus a bhainistiú;
  • Chomhordú a dhéanamh ar sheachadadh cuspóirí faoin bPlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta.