Armáid 1588: Éire agus an Spáinn – Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce Roinnte
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag óstáil imeacht lae in Óstán an Deiscirt, Sligeach ar an Aoine 20 Meán Fómhair 2024 chun béim a leagadh ar an oidhreacht faoi uisce roinnte atá ann idir Éire agus an Spáinn.

Soláthraíonn taifid longbhriseadh fianaise ar naisc shoiléire idir an dá náisiún thar na céadta bliain, agus tá cur chuige comhpháirtíochta treisithe idir Éirinn agus an Spáinn chun an oidhreacht chomhroinnte seo a chosaint agus a thuiscint ag forbairt.
Tabharfar le chéile sa seimineár cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear bainisteoirí oidhreachta rialtais, páirtithe leasmhara agus ionadaithe pobal chun cur chuige na hÉireann i leith chosaint a hoidhreachta cultúrtha faoi uisce, Coinbhinsiún UNESCO 2001, comhiarrachtaí atá ar bun idir Éire agus an Spáinn faoi longa bháite Armáid na Spáinne a phlé agus ar mhaithe le héisteacht faoi thionscadail sa todhchaí.
Tá an imeacht saor in aisce agus is féidir ticéid a chur in áirithe ag Armáid 1588: Éire agus an Spáinn – Oidhreacht Chultúrtha Faoi Uisce Roinnte. Féach ár ráiteas príobháideachais Eventbrite.
Eagraítear an seimineár lae chun cuir leis an tsraith imeachtaí comórtha bliantúil Ag Cuimhneamh ar an Armáid a bheidh ar siúl 19-22 Meán Fómhair 2024 i Sligeach agus ar an nGráinseach, ar Trá na Srithidí agus sna Cealla Beaga. Tá eolas ar fáil ar Shuíomh Gréasáin Armáid na Spáinne in Éirinn.